Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- XML Leathanach 010
- XML “An Coinín Leataobh Óir is Airgid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt dhriotháir ann agus maidean breágh breathnigh duine acú amach as uachtar an tighe. Chonnaic sé girrfiadh leath-taobh ór agus leath taobh airgead.
Dubhairt sé le n-a driotháir go raibh sé ag dul ag fiadhea[ch] "Cé bhéadh fhios agat go mbéidh tú beo"? ar seisean
"Tá tobar annsin agus béidh bárr uisge air nuair a bhéas mé beó agus bárr fuil nuair a bhéas mé marbh."
Glaodh sé ar a cú, a seabhach agus a acfhuil dubh. Sin iad an trí nidh le dul ag fiadheach a bhí aige. Bhí an girrfiadh roimhe amach agus ní fhéadfadh sé a bhreith air. Le tuitim an tráthnóna tháiniceadar go díoghthrach coill. Chonnaic sé bronntach teach 'sa g-coill agus sean-bhean 'sa teach. Thug an fear-fiadheach ordú do'n t-sean-bhean an girrfiadh 'chur amach;
"Bheul" ars an t-sean-bhean "'S olc an slighe an girrfiadh bhéadh annseo, ceanngail an chú, an seabhach agus an achfuil dubh
"Níl aon gleas ceangail agam", ar seisean.
Thug an t-sean-bhean trí ribe agus ceanngail sé ann le chéile iad. Cheanngail sé an cú, an seabhach agus an acfhuil dubh.
Thosaigh an fear-fiadach is an t-sean-bhean ag troid, agus d'éirigh an fear-fiadheach lag. Nuair a chonnaic sé go raibh an t-sean-bhean á chur i bhfolac (é) d'iarr sé congnamh ar a chú, a sheabhach agus a acfhuil dubh' "Cúnadh, Cúnadh a chú, ar seisean. "Fáisg, Fáisg, a ribe", ar sise. Thug sí leí a slat agus rinne sí trí cloch tonnta leis an t-slat draoidheachta.
Annsin chonnaic an driotháir 'sa mbaile an bárr fuil ar an tobar. D'imigh sé leis, Thug sé leis an achfuil dubh agus fuair sé fiadhea[ch](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Paitsín Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo