Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall na sémhadh aoise déag an tam a bhí na péin-dlighthe i n-Éirinn do chomhnuigh fear i mBaile an Tobair arbh ainm dó Seán Maoldónaigh. Do chuir na daoine timcheall na h-áite leas-ainm air. An tainm do chuir air ná Seán na Sagart. An fáth air chuir siad an leas-ainm sin air ná, mar do thabhairfeadh na Sasanaigh cúig púnt do aon a raibh indhon sagart a mhairbheadh agus an ceann a tabhairt doibh, agus an stóil freisin. Nuair do chuala Seán é sin bhí áthas an domhain air, agus thosaigh sé ag mairbhuigheadh gach sagart a chonnaic sé. Sin é an fáth ar chuir na daoine an leas-ainm air.
Seo é an sceál faoi Seán na Sagart thíos agus an chaoi ar mairbhuigheadh é.
Lá amháin bhí Seán ag leigint air go raibh sé an-tinn ar fad, agus dubhairt sé la na dhriothfúr a dhul go dtí an sagart, go raibh sé ag fagháil bháis.
Do chuaidh a dhriothfúr go dtí teach an tsagart. Nuair a bhí sé imthighthe do léim Seá amach as a leabaidh agus fuair sé scian.
Bhí faitchíos ar an sagart a dhul go dtí teach Sheáin, acht taréis tamaill déirigh sé misneamhail, agus chuaidh sé go dtí an teach na raibh Seán.
Nuair a bhí na sailm dhá rádh ag an sagart, d'éirigh Seán as a leabaidh, acht bhí an sagart comh-tapaidh leis agus rith sé amach an doras, agus Seán n-a dhiaidh. Bhí an bheirt aca ag rith comh-tapaidh is féidir leotha. Tháinig siad go sruth beag agus léim an sagart thar an sruth. Do chaith Seán an scian i na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mrs T. Glynn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo