Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[dh]iaidh, acht chonnaic an sagart an scian, agus chrom sé go tapaidh. Do sháth an scian sa talamh agus léim Seán ar an sagart. Ní raibh an sagart i ndhon seasamh i na choinne mar bhí sé ró-lag, agus b'éigin dó ghéilleadh.
Bhí pacaire ag tigheacht an bhealach sin agus chonnaic sé an bheirt aca ag troid. Chuaidh sé isteach sa bpáirc, agus fuair sé an scian a bhí sáithte sa talamh. Fuair sé greim ar Sheáin agus marbhuigh sé é. D'éirigh an sagart agus chuaidh sé abhaile.
Do cuireadh Seán na sagart i mBaile an Tobair. D'fhás crann cam ós cionn a uaigh. Sé sin deireadh le Seán na sagart.- Faisnéiseoir
- Mrs T. Glynn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo