Scoil: Attymass B.

Suíomh:
Áth Tí an Mheasaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Ó Flannghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0127, Leathanach 416

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0127, Leathanach 416

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Attymass B.
  2. XML Leathanach 416
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Dubhairt fear as Acaill liom ná bí gan céill

    Dubairt fear as Acaill liom ná bí gan céill,
    Na bí ag gol na ag éagcaoin 'n diaid Col na Bing,
    Béurfad bean agus dhá chéad bó dhuit,
    Agus acra múinéár i agaidh gach ceann,
    Silim fhéin gur fearr an méid sin,
    Ná bheith ag gol na a éagcaoin 'n diaidh Col na Bing

    Dá dtiubhrfá bean agus trí chéad bó dom,
    Agus trí acra muinéar in agaidh chinn,
    B'fearr liom acra den bogach bháidhte,
    Atá idir róad agus innsin drian,
    Agus cad rinnc 'ndiaidh cailíní la saoire is Dómhnaigh
    Ar fud na ngróbhanaí seo Cúl na Bing

    Tá litir sgríobhtha in mo phóca,
    Le chur Dia Dómhnaigh le Chúl Bing,
    Go bhfuil mé in mo luighe le bliadan is ráithe,
    Le aicid bháis agus tinneas cinn
    Mar bhfhuighid mé fóirthín ó Rí na Grásta
    Ná mo shláinte bheith mar is cóir
    Gléasaidh tomba agus Cúnrach Plár dom,
    Agus sínídh amárach dom i mbun Sliabh Mór

    Dá mbéidh fhios ag búachaillí dá bfuil san áit seo
    Go bhfuil mé ag éagcaoin mo luighe tinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    John Mulhern
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Patrick Mulhern
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Boith Shalach, Co. Mhaigh Eo