Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0075
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn Lá Fhéile Stiophán ann ar an séadh lá fichead de Mhí na Nodlag, an lá tar éis Lá Nodlag. Bíonn an-spóirt ag na buachaillí an lá sin. Téigheann siad amach sa gcoill agus marbhuigheann siad dreóilín. Gheibheann siad bosca beag agus cuireann siad an dreóilín isteach ann Téigheann siad ó theach go teach, agus stadann siad ag an doras agus thógann duine aca an bosca suas in a láimh. Bíonn beirt aca le céile i gcomhnuidhe, agus seo é an amhrán a bhíos aca "dreóilín dreóilín riogh na n-éan is mór é a mhuirighean is beag é féin. Eirigh suas a bhean an tighe beir ar sgian na coise buidhe, agus gearr píosa de'n dreóilín." Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach. Sa tráthnóna roinneann siad an t-airgead idir an bheirt aca.
Chuireann buachallaí eile féasóga ortha féin agus téigheann siad isteach ins na tighthe ag seinm ceoil. An oidhche sin cuireann na fir óga sean-éaduigh ortha agus téigheann siad ó theach go teach ag damhsa. Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach.
Fadó do théigheadh fir thart leis an dreóilín agus nuair bheadh a lán airgead aca racadh siad isteach sa dteach ósta agus óladh siad luach an airgid de uisge beatha. Annsin théigheadh siad amach agus cuireadh siad an dreóilín. Sé an fáth a marbhuightear é ná, d'innis sé do na Íudaigh go bhfaca sé Íosa. D'iarradar ar an spideog annsin an bhfaca sé Íosa. Dubhairt sise "ní fhaca mé é ó cuireadh an cruithneacht sin." Dubhairt an dréoilín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinsias Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearbhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe