Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0104](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0021%2FCBES_0021_0104.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0104
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0104
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5. Sín amach do lámh, agus chífidh tú rud nach raibh, nach bhfuil, is nach mbéidh? Cómh-fhad na méar.
6. Trí phúnt ar caoire cé, mhéad sine ar gabhar? Dhá sine.
7. Chómh h-árd le balla, chomh le bán le bainne,
Cómh dearg le fuil, chomh milis le mil?
Ubhall.
8. An rud is mó a bhfuil súile air, agus nach bhfeiceann?
fata.
9. Droichead ar loch gan maide gan cloch?
leach oidhre.
10. An duine a rinne é níor caith sé é, agus an duine a chaith é ní fhacha sé é? cónra.
11. Céard é an rud atá ann ó thús an t-saoghal, agus nach bhfuil ach ráithe d'aois? An Ghealach.
12. M'athair mór, agus dhá chead chóta air? Gas Cabáiste.
13 Cé mhéid cos ar ucht muilt? Dhá chois.
14. Tá sé i bhfus, tá sé thall, tá sé tríd an sáile liath, agus gan é níl blas ar uibh? Salann.
15. Chuaidh mé suas le fáinne an lae, fuair me rud beag in a luighe sa bhféar. Níorbh iasg é ná feóil, fuil na cnámh, agus d'fág mé annsin é gur shiubhal se uaidh féin?
Ubh.
16. Céard tá níos duibhe ná an fiach dubh?
A chuid clúmaigh.
17. Rud beag donn, a shiubhalfadh an domhain agus nach bhfliuchfadh a chos?
Beach.
18. Corcán óir lán d'feóil bheo? Méarachán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinsias Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearbhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe