Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0152
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba é an Gobán Saor an máisiúnach a bfhearr a bhí ann ariamh. Níorbh fhéidir é a bhualadh in a chéird. Bhí sé ag déanamh caisleáin Bhaile an Chláir agus nuair a bhí sé déanta aige dubhairt fear leis go raibh sé ag tuitim.
Dubhairt an Gobán Saor nach dtuitfeadh sé go bráthach mar bhí cloc ar chloich. "Ní bheadh sé go maith nó go bhfeicfidhe tú an t-aol ag teacht amach thríd". Má fheiceann tú ar an gcaisleán sin cífidh tú an t-aol ag teacht amach thríd. Bhí dáréag mhac ag a mhnaoi, agus inghean amháin. Shíl sé nach raibh aon mhaith leis an inghean cor ar bith, agus dubhairt sé léithí péire stocaí de na ceanabháin báine a bhíonn ag fás ar an móin. "Déanfad adeir sí má dhéanann tusa pheasaid de'n gíorla gúrla". Níorbh fhéidir na stocaí ná an pheasaid a dhéanamh.
Bhí sean fhear bocht ann fadó, agus bhí sé ag dul thart le asail agus cart ag díol noigíní ádhmuid. Oidhche amháin bhí sé amuigh an-deireannach agus casadh beirt fhear air. Beirt de'n sluagh sidhe a bhí ann. Dubhairt siad leis go gcaithfeadh siad dul in aoinfheacht leo chuig teach a raibh bainfheis. Dubhradar go raibh cailín óg ann agus go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghead Ní hUrnai
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnai
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe