Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)
- Suíomh:
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corra Finne
- XML Leathanach 0159
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus do bhíodh sé amuigh an-deireannach ag imirt cártaí. Oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile agus chonnaic sé triúr fear. Bhí conra aca. Dubhradar leis aire a thabhairt don conra go dtiocfaidís ar ais. Thug sé aire dó agus tar éis tamaill d'fhosgail sé é. Nuair d'osgail sé é chonnaic sé cailín óg istigh ann agus ní raibh sí marbh cor ar bith. Tháinig sí amach as an gconra agus chuaidh sí leis na fearaibh. Ní raibh sí i n ann focal a rádh. Maidin áirithe bhí an fear ag dul ar an aonach.
Dubhairt sé le na mháthair gan a dhul a chodladh cor ar bith, ach dubhairt an cailín óg go bhainfeadh sí in a dúiseacht. Bhí áthas ar an bhfear nuair a chuala sé an cailín óg ag cainnt. Chuaidh an bheirt aca go dtí an t-aonach ar maidin. Nuair do shroicheadar an baile mór do chuir an fear an capall agus an cart isteach i gclós. Dubhairt an cailín óg gan iad a chur ann. Tháinigeadar go dtí clós eile agus do chuireadar an cart agus an capall isteach ann. Chuaidh an cailín isteach i dteach, agus tháinig bean a tighe amach. Nuair chonnaic sí an cailín thuit sí i laige. A h-inghean féin a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghéadh Ní hUrnai
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hUrnai
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe