Scoil: Baile an Doire (uimhir rolla 16410)
- Suíomh:
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Maolmhichíl
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Doire
- XML Leathanach 0225
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Fhochail
1. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
2. Is fearr stuaim ná neart.
3. Ualach giolla na leisge.
4. Ní h-iad na fir mhóra a bhaineanns an fhoghmhar i gcomhnaidhe.
5. Ná mol is ná cáin thú fhéin.
6. Ní rún é ó tá fhios ag triúir é.
7. Is goire cabhair Dé náan doras.
8. Ní náire an bochtanas.
9. Ní hé lá na gaoithe lá na sgoilb.
10. Ní’l sógh gan an-shógh.
11. Beagán agus a rádh go maith.
12. Bíonn ceann caol ar an óige.
13. Is milis an fhíon ach is searbh é a íoch.
14. Is fearr éan amháin ar bhois ná dhá ceann ar thóir.
15. Is fearr biadh ná ciall.
16. Tús maith leath na h-oibre.
17. Is maith an t-annlann an t-ocras.
18. Is crom cearc i bhféad.
19. Cur smacht ar do leanbh in a óige.
20. Is binn beal in a thost.
21. Ní h-ionnan dul go baile mór agus a theacht as.
22. Ní thagann an óige fá dhó choidhche.
23. Mol an óige agus tuichfaidh sí.
24. Is fearr cara sa gcuairt ná puint sa sparáin.(leanann ar an chéad leathanach eile)