Scoil: Baile an Doire (uimhir rolla 16410)
- Suíomh:
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Maolmhichíl
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Doire
- XML Leathanach 0268
- XML “'Sé Dia a Thug agus Sé Dia a Bheireas' - It is God Who Gave and it is God the Gives”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “Sé Dia a thug agus ‘sé Dia a bhearas
It is God who gave and it is God that takes
Bhí Íosa agus Peadar ag siubhal le chéile lá agus casadh fear déirce leo.Cruiteachán de fhear a bhí ann. D’iarr sé déirce ar Íosa agus do iultigh Íosa é – níor thug sé aon rud dó. D’imthigh siad, agus ní raibh siad i bhfad ar siubhal gur casadh fear déirce eile leo. Fear leigthe easgaidh, sgafánta a bhí ann, agus d’iarr sé déirce ar Íosa agus thug Íosa sgilling dó. D’imthigh sé go ríméadach agus d’imthigh Íosa agus Peadar ar a mbealach féin.
Ar ball tháinig tart ar Pheadar agus d’iarr sé luach dighe ar Íosa, agus dubhairt Íosa leis dul isteach ins an teach ósta a bhí i n-aice leo agus gheobhach sé deoch. Chuaidh Peadar isteach agus céa bhí istigh roimhe acht an fear leigthe easgaidh sgafánta a thug Íosa an sgilling agus nuair a chonnaic sé Peadar dubhairt sé
“Céard a ólfhas tú. ‘Sé Dia a thug agus sé Dia a bhearas”.
“Ólfidh mé pionnta” arsa Peadar.
Fuair sé an deoch agus tháinig sé amach.
“An bhfuair tú deoch” arsa Íosa
“Fuair” arsa Peadar
D’imthig siad ar a mbealach agus nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Maol Mhichil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe