Scoil: Baile an Doire (uimhir rolla 16410)
- Suíomh:
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Maolmhichíl
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Doire
- XML Leathanach 0277
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a dubhairt se "sluagh le doineann" tainig sineán gaoite a sguab an caipín as a cheann agus bheadh se marb marach go raibh sé thios ins an bpoll." Ni fhaca se an tais as sin amach"Sin e an sgeul, acht ni raib me sasta.
"Ce h-iad sluagh na cleite fion" adubhair me fein
"Daoine a chuireas sgilling i n-aghaidh tusa nó mise" adeir se "agus nil sé orainn cor an bith As cleití a deantaí na pinn fado""Ce h-iad "mna sagart" arsa me annsin.
"Nach fear sagart" adeir se "agus na mna nach bhfuil acht leath-ghleasta, a gcosa go a ngluna, agus a mbrollaigh le feiceal, cuireann siad cathadh ar na sagairt agus tá se chom reidh cathadh a cur orra le fear an bith, agus ni ceart é""Ce h-iad "sluagh le doineann" arsa mé aris.
"Is iomdha sort sluagh atá ann" adeir se "Ta sluagh cnoc, sluagh sidhe, sluagh shiubhlanns an tigh, agus sluag le doineann, agus is measa sluagh le doineann na na sluagh eile. Níl fhios agam ceard iad, act ni maith iad"- Bailitheoir
- Tomás Ó Maol Mhichil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Doire, Co. na Gaillimhe