School: Cathair Loisgreáin (B)
- Location:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádhraic de Chlár
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar bhruac na h-abhann agus duine ar bith a tiubhras cugam í béarfaidh mé dó í le posadh''.
Bhí go maith. D'imthigh an triúr mac agus fuaireadar bád agus gunna. Chuadhar amach ar an abhann go dtí an áit a raibh an t-iolrach. Chuaidh an gaduidhe agus ghoid sé amach an inghean uaidh. Bhí go maith nuair a bhíodar amuigh i lár na habhann chonnaiceadar an t-iolrach os a gcionn agus é ag eitilt anuas orra. Chaith an fobhairéar leis agus thuit sé anuas ins an mbád agus rinneadh an bád ina dhá leith. Chuir an siúinéir le n a chéile é. Bhí go maith. Tháinigeadar isteach slán agus inghean an ríogh aca. Ní raibh fhios ag an righ ce aca an dtabharfadh sé an inghean dó bhí gach duine aca chomh maith le ceile. Mar sin thug sé airgead do gach duine aca agus an inghean do'n gaduidhe le pósadh.
Fuaireas an sgéal seo san Spidéal (1926) Pádraic de Clár- Collector
- Padhraic de Clár
- Gender
- Male