Scoil: Áth Cinn (B) (uimhir rolla 14047)

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth Cinn (B)
  2. XML Leathanach 0014
  3. XML “Pislín agus Sraoillín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Pislín bhí sé pósta agus sé an t-ainm a bhí ar an mnaoí Sraoilín.
    Lá amháin bhí Pislín ag dul amach ag obair agus dubhairt sé leis an mbhean a bhéilí a bheith réidhití aici nuair a thiocfadh sé abhaile. Bhí go maith nuair a bhí an teach réidhtí aici chuaidh sí go ndéanfhadh sí cáca agus nuair a d'fosgail sí an mála céard a d'feicfeadh sí sa bphlúr ach dreancaid.
    Ní rabhas aice beó céard a dheanfhadh sí. Sa deireadh cuimhne sí uirrthí féin go gcáithfadh sí an plúr. Thosuigh sí uirrthi ag tarrainght amach an plúir agus dhá cháthad nó go raibh an plúr ar fad imthigthe. Nuair a tháinic an fear abhaile san trathnóna d'iarr sé a bhéilí, d'innis an bhean dó gach rud dar thárla,go raibh dreancaid sa bphlúr agus go raibh ndheachaidh sí dá chátha agus go raibh an plúr ar fad imthighthe le gaoth.
    "Cheap mé" deir sí go bfhuighean an dreancaid agus ní raibh dada agam annsin le h-aghaidh do bhéilí. "Dona go leor" adeir sé, caithfhidh mé an mhuc a mharbhúgadh amáireach le h-aghaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheal Maguidhir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Uaithnín
    Inscne
    Baineann