Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)heann síad go leór builíní agus cáca mór ina mbíonn (caraway seeds) le h-aghaidh an tsagairt. Maidin lae na stáisiún éirigheann na daoine go moch. Réidhtigheann siad an bord sa chistín le aghaidh an Aifrinn. Cuirtear dhá cathaoir fé chosa an bhuird mar bíonn sé ró-íseal. Fágtar dhá choinnleóir agus coinnle, crois, uisge choisrighthe, salann, tuabháílle, agus sguaibín cuighe leis an uisge as coisrighthe a craitheadh ar na daoine. Tagann na mná istheach ins an teach go luath, fanann na fir amuigh ins an sgioból. Cuirtear síos teine mhór mhóna sa chistín agus ceann eile sa bpárlús. Nuair a thagann na sagairt téigheann bean, fear a ‘ tíghe amach ag cur fáilte rómpa. Thógann bean a ‘ tíghe a hataí uatha agus crochann sí suas íad. Téigheann ceann de na sagairt síor ins an bpárlús ag éisteacht faoistín na ndaoine, fanann an sagart eile do na daoine. Annsin leígheann an sagart an t-Aifreann agus ghlacann na daoine an Comaoine Naomhtha. Nuair atá an t-Aifreann leíghte bíonn seanmór géarr aige. Annsin íocann na daoine é, sé an t-aimn a tugtar air sin ná, “ an dualgas”. Glaodhann sé amach na h-ainmneacha agus íocann fir na dtíghthe é. Annsin itheann na sagairt a mbricfeasta sa bpárlus. Teígheann na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe