School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Headford, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
![The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0079](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0023%2FCBES_0023_0079.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0079
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Áth Cinn
- XML Page 0079
- XML “Lá na Stáisiún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)heann síad go leór builíní agus cáca mór ina mbíonn (caraway seeds) le h-aghaidh an tsagairt. Maidin lae na stáisiún éirigheann na daoine go moch. Réidhtigheann siad an bord sa chistín le aghaidh an Aifrinn. Cuirtear dhá cathaoir fé chosa an bhuird mar bíonn sé ró-íseal. Fágtar dhá choinnleóir agus coinnle, crois, uisge choisrighthe, salann, tuabháílle, agus sguaibín cuighe leis an uisge as coisrighthe a craitheadh ar na daoine. Tagann na mná istheach ins an teach go luath, fanann na fir amuigh ins an sgioból. Cuirtear síos teine mhór mhóna sa chistín agus ceann eile sa bpárlús. Nuair a thagann na sagairt téigheann bean, fear a ‘ tíghe amach ag cur fáilte rómpa. Thógann bean a ‘ tíghe a hataí uatha agus crochann sí suas íad. Téigheann ceann de na sagairt síor ins an bpárlús ag éisteacht faoistín na ndaoine, fanann an sagart eile do na daoine. Annsin leígheann an sagart an t-Aifreann agus ghlacann na daoine an Comaoine Naomhtha. Nuair atá an t-Aifreann leíghte bíonn seanmór géarr aige. Annsin íocann na daoine é, sé an t-aimn a tugtar air sin ná, “ an dualgas”. Glaodhann sé amach na h-ainmneacha agus íocann fir na dtíghthe é. Annsin itheann na sagairt a mbricfeasta sa bpárlus. Teígheann na(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Gender
- Female
- Address
- Bunatober, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cuinneagáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Bunatober, Co. Galway