Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0008
- XML “Sióga Eanach Cuain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an póta sin. Tá pota ór eile i gCaisleán Cluanbuadh agus bhí brionglóid ag duine oidhche amháin go raibh an pota ann. Thosfaidh sé ag rómharadh ar maidin lá ar na bhárach. Ní raibh sé a bhfad ag rómharadh nuair tháinig sé go dtí leach. Bhí ar, an leach a árdú leis an ór d'fághail agus nuair bhí sé ghá árdú léim cat mór dubh air agus fuaireadar é sa tráthnóna na mheaig(?). Níor thag aoinne triall faoi ó shoin mar tá faithcíos orra roimh an cat. Tá na sídheóga le feiceáil taobh thíos de'n reilg freisin. Bíonn rásaí aca ó Coill Dearmuid go Sgeach Colm Cille agus deirtear go mbíonn carráistí aca agus colainn gam ceann ghá dtiomáint. Is ar Oidhche Shamhna is mó a fheichtear na daoine maithe annsin. Seán Ó Murcdha
Eanach Cuain- Bailitheoir
- Seán Ó Murcdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe