Scoil: An Mhainistir, Carrabeg
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gréasuidhe i na chomhnuidhe i n-droichead Bhaile Átha Lúan. Tháinig an Neach chuige san oidhche dubhairt sí leis a dhul go garraidhe Sheáin Uí Bhríain ar an taobh thíar de pharáiste Anach-Cuan agus go bhfuigheadh pota óir fé bhun na sgeithe a bhí sa gcoirnéal ann. Níor thug an gréasuidhe aon áird uirrthi. Tháinig sé arís chuig Seán Ó Brían agus dubhairt sí arís leis a dhul go droichead Bhaile Átha Luan agus go bhfaigheadh sé a shaidhbhreas ann. D'imigh sé leis go dtainig sé go dtí an droichead. Chaith sé an lá ag siúbhal síar is aníar ar an droichead. Ní bhfúair se aon cheo. Thóg se lóistín na h-oidhche annsin. Maid laé ar na bhárach bhí sé amuigh moch go maith. Chaith sé an lá arís ag siúbhal síar is aníar ar an droichead agus ní bhfúair sé aon túairisg. Thóg sé lóistín na h-oidhche arís. Bhí sé amuigh moch go maith arís an tríomhadh mhaidin. Bhí sé ag siúbhal síar is aníar ar an droichead arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Scolaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Scolaighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Coitiantaí, Co. na Gaillimhe