Scoil: Garrdha (uimhir rolla 12721)

Suíomh:
An Gearradh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garrdha
  2. XML Leathanach 0017
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leat mo thriúr dearbhráthair béidh an-chúma orra a' teacht mar bheadh madraí allta. Caithfidh tú an cáca seo isteach in a bhéal agus aithneochaidh sé thú. Tá siad faoí ghríomhtha ag an sean-dhuinín."
    D'imthigh leis maidin ar na bhárach agus bhí ag imtheacht agus a' síor- imtheacht nó gur imthigh sé na céadta míle agus bhí sé deireannach air san oidh' go gcuala sé an madadh mór a' teacht. Chaith sé an cáca isteach in a bhéal . "Céad fáilte romhat, a mhac mo dheirbhsiúra, " adeir an t-uncail." D'fiafruigh sé dhe a 'raibh fhios aige ca raibh sean-dhuine na feasóige fuininn?. "Níl fios agam" adeir sé "cá bhfuil sé, ach tá mo dhearbhrathair á teacht in mo dhiaidh agus dá mbéaradh sé orm Bheadh sé féin síbháilte." D'imthigh leis agus 'sgearr a bhí go dtáinic an t-uncail eile agus an t-an-chuma millteach air a'teacht. Chaith sé an cáca leis agus chuir sé an-fháilte roimhe-"mac mo dheirbhshiúra, fághaim baladh an bhainne cíoch, " adeir sé. Níor tháinic aon duine ariamh as an áit a bhfuil tú a' gul. Tá an dearbhráthair is sme a' teacht in mo dhiaidh agus tabhair aire mhaith dhun féin agus béidh sé i n-ann tuairisc a thabhairt dhuit céard a dhéanfas tú." 'Sgearr a chuaidh sé go bhfaca sé a' teacht é agus chaith sé an cáca leis. " Céad míle fáilte romhat, a mhac mo dheirbhshiúra, as Éirinn. Tá tú a gul i ndroch-áit agus ní thiocfa tú as mar 'sábháilfidh an bhean óg atá annsin thú. Ní fhéadfa tú a dhul isteach annsin ach ar uair a dó-dhéag sa lá. Tá dhá mhad' allta ag an ngeata agus bíonn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó hAnnracháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Mc Aodha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Seoladh
    An Gearradh, Co. na Gaillimhe