School: Garrdha (roll number 12721)
- Location:
- Garra, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garrdha
- XML Page 0017
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leat mo thriúr dearbhráthair béidh an-chúma orra a' teacht mar bheadh madraí allta. Caithfidh tú an cáca seo isteach in a bhéal agus aithneochaidh sé thú. Tá siad faoí ghríomhtha ag an sean-dhuinín."
D'imthigh leis maidin ar na bhárach agus bhí ag imtheacht agus a' síor- imtheacht nó gur imthigh sé na céadta míle agus bhí sé deireannach air san oidh' go gcuala sé an madadh mór a' teacht. Chaith sé an cáca isteach in a bhéal . "Céad fáilte romhat, a mhac mo dheirbhsiúra, " adeir an t-uncail." D'fiafruigh sé dhe a 'raibh fhios aige ca raibh sean-dhuine na feasóige fuininn?. "Níl fios agam" adeir sé "cá bhfuil sé, ach tá mo dhearbhrathair á teacht in mo dhiaidh agus dá mbéaradh sé orm Bheadh sé féin síbháilte." D'imthigh leis agus 'sgearr a bhí go dtáinic an t-uncail eile agus an t-an-chuma millteach air a'teacht. Chaith sé an cáca leis agus chuir sé an-fháilte roimhe-"mac mo dheirbhshiúra, fághaim baladh an bhainne cíoch, " adeir sé. Níor tháinic aon duine ariamh as an áit a bhfuil tú a' gul. Tá an dearbhráthair is sme a' teacht in mo dhiaidh agus tabhair aire mhaith dhun féin agus béidh sé i n-ann tuairisc a thabhairt dhuit céard a dhéanfas tú." 'Sgearr a chuaidh sé go bhfaca sé a' teacht é agus chaith sé an cáca leis. " Céad míle fáilte romhat, a mhac mo dheirbhshiúra, as Éirinn. Tá tú a gul i ndroch-áit agus ní thiocfa tú as mar 'sábháilfidh an bhean óg atá annsin thú. Ní fhéadfa tú a dhul isteach annsin ach ar uair a dó-dhéag sa lá. Tá dhá mhad' allta ag an ngeata agus bíonn(continues on next page)- Collector
- Liam Ó hAnnracháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Mc Aodha
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Garra, Co. Galway