Scoil: Beárna Dhearg (B) (uimhir rolla 14633)

Suíomh:
Bearna Dhearg, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Flaithrí Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0026, Leathanach 0116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Beárna Dhearg (B)
  2. XML Leathanach 0116
  3. XML “Bearna Dhearg, Paróiste Cill Fhir Iarainn, Co. na Gaillimhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (Sean Fothrach) - (an dáta - (ughdár)

    an caisleán is tabhaachtaighe a bhí i na Maíne.
    Tógad an caisleán seo i 1242. Meacleachlainn O Ceallaigh a bhí mar taoiseach annsin. Phós sé Finuala gar-inghean do Cathal-Craoibh-Dhearg. Tá an beirt curtha i Mainistear Cnuich-Magh agus tá túm i gcuimhne dóibh san roilig sín.

    CLUAIN-RIDDIA:-
    is ionann Riddia agus meirg-Iarasun (?) sé sin le radh - The Wood of the Masses of Sheep-Iron - bhí Coill annsin - bhí iarann annsin - tugadh Caor-Iarann ar a rud a glaodthar - Pig-iron anois.

    CLUAIN-LUISE
    Cluain í seo in a mbíonn géana fiadhaíne le fagháil go fluirseach san nGeimhreadh. Sí luise- feár a itheas geána.

    DOIRE-BÁN
    Tá cíall an focail sin soileír. Tá an thuaith seo i sealbh ag Monastir Cnuich (?) Maigh, agus is dóca go tugadh na manaigh a bhí annsin na t-ainmeacha do na láeteanna seo díreach is a bheireas filméar ainmneáca fé leith do na páirceanna sa bhfeilm.
    Is cinnte go raibh eolas cruinn acu ar an saghas talaimh a bhí i ngach roinn sa duithche ar gach rudh ar drómclá fé dromchla (?) na talaimh . Tá ainmneacha eile ann acht ní'l aon deachracht ionnta:-
    Cool-Dorhcha
    Lios-Leath-Bhealaigh
    Coolriabhach
    Lios na mBearróra
    sl. Lios-na-Míonnaún (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Bearna Dhearg, Co. na Gaillimhe