School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cunneóg againn sa mbaile. Tá sé ocht n-órlaigh déag ar léitheadh agus cuig órlaigh déag ar faid ó taobh go taobh. Ní'l sé an-fada sa teach.
Seo iad ainmhneacha gléuseanna na cuinneóige: An loinithe[?] agus clár, clúdhach, claibhín. Déantar maistre fá dhó sa tseachtmhain ar fead an t-Samhraidh agus uair amháin ar fead an Gheimhridh.
Dá dtagfad strainséar isteach le linn maistre fadó chaithead sé dreas a bhualadh uirrí. Sin pisreóg a bhí aca fadó ar faithchíos go ngoidhfead na sideóga an t-im. Chuala mé freisin dá dtagadh fear isteach i gcoinne splanc le h-aghaidh a phíopa ní tiubhradh an bhean do é ar faithchíos go ngoidhfheadh sé an t-im leis.
Mó mháthair a dhéanann an maistre an lámha a oibhrigheann sí é. Oibhrightear é timcheall in a bhfáinne.
Togtar amach an t-im leis an seálán agus cuirtear salann tríd. Nuair a bhíos go leor im ag na daoine díolann siad é.
Tá cuinneóg againn sa(continues on next page)