Scoil: Órán Mór (B) (uimhir rolla 4506)
- Suíomh:
- Órán Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Órán Mór (B)
- XML Leathanach 0342
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Nuair a bhí cogadh Cromail ann, bhí arm mór saighdiúira aige agus théigheadh an arm sin amach gach lá o theach go teach...”
Nuair a bhí cogadh Cromail ann, bhí arm mór saighdiúira aige agus théigheadh an arm sin amach gach lá o theach go teach ag lorg bídh agus an té nach mbéadh aon rud aige dóibh thóigeadh siad claidheamh amach agus mharbuigheadh siad é.
Do bhí bean ann agus bhí aon mach amháin aice. Bhí siad an-bhocht ar fad agus bhí na saighdiúirí ag teacht chun a tighe an lá seo. Ní raib fhios ag an mnaoi céard a dhéanfadh sí mar ní raibh aon rud ins an teach aice acht aon gamhain amháin. Rinne sí suas a h-inntinn go mharbhóchadh sí an gamhain. Mharbhuigh sí an gamhain agus bhruith sí é agus bhí sé réidh aice nuair a tháinic an dream seo isteach. Bhí an dhá dhoras osgailte aice dóibh agus rith siad isteach. Shuidh siad síos ag an mbord agus d'ith siad a sáith agus bhí siad sásta leis an mnaoi. Acht nuair a chuir an páisde bocht a mhéar isteach san pláta chun píosa feola d'fagháil, bhain duine de na saighdiúirí a mhéir de agus thosaigh an páisde ag caoineadh. Nuair a chonnaic na saighdiúirí eile an rud a rinne an fear seo do mharbhuigh siad é mar bhí brón ortha tar eis chomh cneasta agus a bhí an bhean seo leo. D'éirigh siad ó'n mbord agus bhí siad buidheach do'n mnaoi bhocht. Annsin, d'fág siad an fear marbh ar an urlár agus dubhairt siad leis an mnaoi é a fágáil ann agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Ní Sheacnasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann an Scáil, Co. na Gaillimhe