Scoil: Árd Raithín (uimhir rolla 6260)
- Suíomh:
- Ard Raithin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás S. Ó Meadhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Raithín
- XML Leathanach 0242
- XML “Riocaird Mac Duaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba as Tobair Pheadar Dick Mac Duaigh agus Riocard ab ainm dó a athair. Bhíodh sean daoine na h-aite sin ag cainnt go siorraidhe faoí. Nuair a bhí sé 'na ghasúr bhí sé ag tiomáint capall agus cibé ruda a rinne an chapaill ar an mbealach, tháinig fearg air Dick. Lá amháin rinne an capall rud éicint as an mbealach agus thug Dick buille dá dhorn do'n gcapall sa cheann agus thuit sé marbh. Bhí a mháthair ar buile agus rug sí an bhata chun é a bhuaileadh ach shabháil a athair é. Annsin dubhairt sé a déanfaidh Dick rud níos iongantaighe fós.Nuair a d'fás Dick suas bhí gaisgidheach Sasanach ag dul thart agus é ag gheallamhaint airgid d'on té a sheasfadh 'na aghaidh. Chuaidh Dick ag troid leis i nGort Inse Guaire agus mharbhuigh sé an Sasanach le buille(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caoimhghín Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann