Scoil: Dún Mór (cailíní)

Suíomh:
Dún Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Halliday
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Mór (cailíní)
  2. XML Leathanach 0013
  3. XML “An Siota agus A Mháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    A's is minic ar fán fear fághaid déirce
    Níor bhfada uaim gur luaidh sé a bhéile
    Is gur chuir sé suas a ghluaiseacht leithe
    Mac
    Ca bhfuil mo lón de ló nó d'oidhche
    Cá bhfuil mo stór de bhó no caoire
    Ca bhfuil mo cháil ó is máire dom innsint
    Acht a' sodair le do shálaibh is mala 'mo thimcheall.
    Máthair
    Maidir le duais na luaidh í ar aon chor
    Ó t'athair ní bhfuaireas guairceas ná féileacht
    Dada gan áird ach náire soghalta
    Sagairt is bráithre 'om chrádh 's 'om chéasadh
    Mac
    Agus maidir le cáil ní hí ba chóir dhom
    Acht ag agall na deirce ar thaobh an bhóthair
    Go dearbhtha deimhin muna bhfáighead-sa fóirithint
    Rachadh sa chill gan mhoill i n-éadóchas
    Máthair
    Seachain an nídh choidhche a chladhaire
    Airigh ar do smaconte is cuimhnigh ar an Maighdin
    Tá aici stór go leor is roinnfid
    Mar mór dhearmhaidh sí raimh croidhe na faighidhne
    Mac
    Tá mo foighidhne caithte is ní fearr mar atá agam
    Is ruadh e mo hata is is stríoctha é o chába
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Ailledéa
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dún Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Riain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    An Cheathrú Rua Thiar, Co. na Gaillimhe