Scoil: Dún Mór (cailíní)
- Suíomh:
- Dún Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Halliday
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá mo bhróga briste a's níl lúid ar mo shála
A's níl sgáil na tairbhe 'n a abair -se a mháthair
Máthair
A mhéirligh mhalluighthe mallacht mo chroidhe dhuit
Nár léighead ar theagasc na n-aspal ná a gníomhartha
Ar go bhfuil an Eaglais dá shíor innsint
Gur dos na boicht do cheapadh na Flaitheas mar oidhrea
Mac
Ma's do na boicht do cheapadh na Flaitheas mar oidhre
Is dócha gur áit é go bhfuil an-chuid bidh is dighe ann
Cuma ná preabann tú maidin nó oidhche
Gan bheith i gcúinne caithe a chneadaigh mar bhíonn tú
Máthair
A mhéirligh mhallaighthe mallacht mo chleibh dhuit
An amhlaidh mheadair don preabadh nó léim ann
Na naoim, na h-aspail 's an Eaglais naomhtha
Ní théighid ins na Flaithis 'na mbeathaidh go n-éagaidh
Mac
Má's áit na Flaitheas nach bhfuil geata ná céim leis
A's g bfhághann-se casadh i gceann seacthmhaine nó lae as
Acht ar eagla aon mhasladh nó easbaidh mo bhéile
Fanfad sa bhaile ag agall na deirce
Máthair
Níl gnó ná obair ann codhladh ná cómhráoc
Ná aon osna le leigint go deo ann
Acht ceolta ag ainglibh is an-cuidh glóire ann
Ná ceilta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ailledéa
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Riain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- An Cheathrú Rua Thiar, Co. na Gaillimhe