Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0104
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Grinn
Cuala mé an sgéal grinn seo ó m'athair atá in a chomnuidhe i gCluan Caoilbhiga agus míle ar an taobh thiar. Chuaidh de Chuaim. Tá sé timceall is 58 bliadhna d'aois fuair sé an sgéal ó a athair a fuair bás 27 bliadhanta ó shoin.
Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí siad an-bocht bhí mac amháin aca darbh ainm do Páidín. Bhí an-grádh ag an athair is an máthair air agus bhí sé a eirigh an-láidir ar an aois a bhí aige agus nuair a bhí sé acht seacht mblian d'aois dubhairt an t-athair leis an máthar go raibh crann fuinnseóige ag fás ins an ngáirdín agus ba cheart dóibh an mhac a thabhairt amach agus a chuid nirt a iarraidh air go bhfeicfeadh siad an raibhsé i ndon é a tharraint suas as na préamhacha. Rinneadh amhlaidh acht chlis air é a tharrainc. Dubhairt an t-athair leis an m'athair ba cheart é a thabhairt isteach arís agus aire maith a thabhairt dó go ceann seacht mbliadhain arís agus rinne siad sin. Thug an t-athair is an máthair aire maith dó go raibh sé ceithre bliana(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe