Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0256
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San droch-aimsir 'séard a bhíodh ag na daoine le n-ithe ná neanntóga measgtha tré min buidhe. Bhíodh fataí lobhtha ag na daoine bochta. Bhí bainne caorach is bainne gabhair aca agus mhair an cuid is mó aca ar an mbainne sin.
Bhíodh bord i dteach amháin Oidhche Nodlag agus thagaidís go léir annsin agus bhíodh féasta mór aca.
Ní bhíodh aon fheoil aca, acht corr-uair nuair a marbhuightí coileach ag duine de na comarsan thugadh píosa de do chomharsanaibh eile.
Ní raibh aon ghréithre aca mar atá anois. Soitheach déanta d'ádhmad agus lámh ar a dhá thaobh de a bhí aca. "Noggin" a tugtaoi air.
M'athair - Seán Ó Tnúthail a d'innis na rudaí seo dom.- Bailitheoir
- Nóra Ní Núthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tnúthail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Ar na Féilí móra bhíodh cácaí déanta d'fhataí ag na daoine fadó, agus tae ar Oidhche Nodlag amháin.
Bhíodh fatai ag na daoine ag gach béile. Bhíodh fatai agus sgadáin aca go minic -leath-phingin abhí ar sgadán. Bhí "bodach dubh" ar díol ar an margadh gach Satharn. Do bhíodh stirabout aca uaireannta(leanann ar an chéad leathanach eile)