Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0166](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0042%2FCBES_0042_0166.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0166
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aidh m' Shlánuightheór Íosa Chríost do na h-anamnacha bochta í bPurgadóir
Seo ceann eile:-"Beannacht Dé agus na maighdine lé h-anamnacha an Domhain go h-iomlán. Ámén.
Nuair a bhíodh na daoine ag tabhairt canna de bhainne géar do dhuine deiridís:-Cumhdach Dé ar an máithreach agus go méaduigheadh Dia do stór
Seo ceann eile a deiridís ag dul a chodladh dóibh:-Ceithre chornéal ar mo leabaidh
Ceithre Aingeal ortha sgartha
Má fhághaim-se bás shul dá dtí maidin, í bhFlaitheas Dé go raibh mo leabaidh
Seo ceann a deiridís nuair a bhíodh siad ag rádh an Phaidrín Páirteach:-Í ngáirdín Párthais tá an Paidrín Páirteach i m'ainm na Máthair a bhí ariamh gan locht. A h-aon Mhac Mhuire agus a Rí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máiread Ní Coisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe