Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Aon oíche ní sé i bhfad ó shin fuair fear darbh ainm Seamus Mach Fiadhroc as Curracatuaigh bás.”
Sgéal faoi thaidhbhseAon oidhche níl sé i bhfad ó shoin fuair fear dárbh ainm Seamus Mach Fiadhroc as Curracatuaigh bás. Bhí sé os cionn cláir in a teach agus bhí a dhearbhrathair le teacht as Sasana agus chuireadh beirt fhear go Cláir Cloinne Muris faoi na dhéint. Bhí sé le teacht ar an tráen aon a chlog i lár oidhche.
Ar chuma ar bith níor tháinig sé. Ar an aistir do'n beirt a chuaidh faoi na dhéint bhí na bróga ag goilleadh ar dhuine aca. Bhí se go díreach ar iad a bhaint d[e] nuair a chonnaic síad asal ag ithe ar thaoibh an bhóthair agus rug síad air agus chuai[dh] síad ag marcaidheacht air
As go brath leis an asal agus níor stád sé go brath go raibh sé thaobh amuigh de teach an tórramh. Annsin tháinig síad anuas de'n asal agus mo léan ní raibh aon cheann ar an asal. Ghlaoidh síad ar na daoine istigh go bhfei[c]ead síad é acht d'imhthigh sé mar sid[h] [?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Maolain
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Poll an tSiúraic, Co. na Gaillimhe