Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Taisge í bhfolachTá áit í Bparáisde Bhaile an Mhuilinn (tuairim's míle ó'n mbaile) agus deirtear go bhfuil pota óir í dtaisge ann. Is cosmhail gur chuir duine eicínt í dtaisge ann é san tsean-aimsir nuair a bhí an tír ar fad í seilbh na nGall
Seo é an sgéal ata faoí. Bhí muirighin ann na céadta bliadhain ó shoin agus Moldhómnaigh an tainm a bhí ortha. Bhí cúigear no seisear díobh ann agus aon oidhche amháin bhí brionglóid céadhna ag gach aon duine acú. Séard a bhí san mbrionglóidh ná ag teasbáint dóibh an áit a raibh an óir í dtaisge agus ag radh go mba cheart dóibh dul agus é a fhághail. Dubhradh leo freisin go raibh sé faoí crann áithrid í lár páirce.
Ar maidin nuair a d'éirigh na fir chasadar lé chéile ar geata na páirce agus nuair a fritheadh amach go raibh an brionglóid céadhna acú thosuigheadar ag obair ar a ndicheall Bhí piocóid agus sluasad ag gach duine acú agus mar gheall ar sin niorbh fhada go bhfuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Dólán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe