Scoil: Cill a' Ghaimhrín (Killgevrin) (uimhir rolla 12002)
- Suíomh:
- Cill Ghoibhreann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsíos P. Ó Doláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór sean fothracha ins an gceanntar seo áitheanna in a raibh caisleáin no muilleana no rudh eighin mar sin. Bhí sean sgoil ann
agus fear dar b'ainm Sean Ó Maoláin a bhí in a múinnteór ann, fuair sé bás tuairm is seachtmadh blíadhain ó shoin. Bhí sean ceardcha ann freisin in a bfuil stábla anois ann. Tá sean fothrach eile ann in a raibh in a raibh muillin ann agus tá abha ag rith in aice leis. Níl ach na balla lé feicheál anois. Tá sean fothrach eile in aice leis an áith agus deireann na daoine gur caisleán é. Saigidúirí Cromhail a bhí in a gcomhnuidhe ann. Caisleán dá stór iseadh é agus tá an staighre ann fós. Tá sé déantha as clocha cearnógacha. Tá an dían air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhainnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhain Mhaol, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Tamhain Mhaol, Co. na Gaillimhe