Scoil: Clochar na Toirbhirte, Tuaim (uimhir rolla 12234)
- Suíomh:
- Tuaim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr M. Proinseas
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-abhac beag an duine ba lugha, agus ab ísle dhíobh: Liffe Leisgeamhail giolla teineadh choire na hAlmhuine go dtí n-a leabaidh féin a bhí i dtigh na Bruighne, agus Liagán Luaimneach ó Luachair. Deaghaidh an duine ba luaithe d'Fhiannaibh Éireann. Sin é fuasgladh do cheiste.
''Beir buaidh agus beannacht'' a deir Pádhraig Aniar, agus innis dúinn anois céard iad na hiongnaidh is mó a bhí san bhfeinn.
''Bhí oglach bódhair san BhFéinn'' arsa File Cúl - druid, agus níor dearnadh i bhFiannuigheacht ariamh laoi ná duain, nach mbeadh de mheabhair aige. Bhí iongnadh eile san bhFeinn freis .i. sleag a d'fagh Fiachra Mac Criomhtainn ag Fionn, agus ní dhéanadh urchóid ar bith an uair teilghí i ndiaidh a reanna í, agus ní beo tigeadh aoinneach a dteangmaidh i ndiaidh a hurlainne.
''No chuach thú!'' arsa Pádhraig Aniar '' agus inis duinn anois céard iad na ceólta ba bhinne leis na bhFéinn'' fogar faoileann agus coigeadal corr agus fuaim tuinne Tráigh - Lighe; agus abhran trí mac Meadhra; feadh mheo Luighidh; dord Mhic Sgiraidh, sgeamhaoil na muc ar Mháighe Lithne, agus ghuth na cuaiche an cead mí de samradh. B'sin iad cuid de na ceólta ba bhinne leo'' adéir an file.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tuaim, Co. na Gaillimhe