School: Clochar na Toirbhirte, Tuaim (roll number 12234)
- Location:
- Tuam, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr M. Proinseas
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-abhac beag an duine ba lugha, agus ab ísle dhíobh: Liffe Leisgeamhail giolla teineadh choire na hAlmhuine go dtí n-a leabaidh féin a bhí i dtigh na Bruighne, agus Liagán Luaimneach ó Luachair. Deaghaidh an duine ba luaithe d'Fhiannaibh Éireann. Sin é fuasgladh do cheiste.
''Beir buaidh agus beannacht'' a deir Pádhraig Aniar, agus innis dúinn anois céard iad na hiongnaidh is mó a bhí san bhfeinn.
''Bhí oglach bódhair san BhFéinn'' arsa File Cúl - druid, agus níor dearnadh i bhFiannuigheacht ariamh laoi ná duain, nach mbeadh de mheabhair aige. Bhí iongnadh eile san bhFeinn freis .i. sleag a d'fagh Fiachra Mac Criomhtainn ag Fionn, agus ní dhéanadh urchóid ar bith an uair teilghí i ndiaidh a reanna í, agus ní beo tigeadh aoinneach a dteangmaidh i ndiaidh a hurlainne.
''No chuach thú!'' arsa Pádhraig Aniar '' agus inis duinn anois céard iad na ceólta ba bhinne leis na bhFéinn'' fogar faoileann agus coigeadal corr agus fuaim tuinne Tráigh - Lighe; agus abhran trí mac Meadhra; feadh mheo Luighidh; dord Mhic Sgiraidh, sgeamhaoil na muc ar Mháighe Lithne, agus ghuth na cuaiche an cead mí de samradh. B'sin iad cuid de na ceólta ba bhinne leo'' adéir an file.(continues on next page)- Informant
- Miceál Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tuam, Co. Galway