Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0137
- XML “Scéalta faoi na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aimsir. Bhí spóta talmhan nó paiste beag talmhan aige ar aghaidh caisleán Dún Guaire. Bhí lios ins an bpáirc i ndáil leis an bhfairrge agus sé an t-ainm a bhí ar ná Dún na Girrfhiadhthe. Dubhairt sé go ndéanfadh sé garrdha breág do agus an lios a rútáil amach. Fuair sé go leór daoine agus chuir (chuir) sé ag obair ann iad. Bí siad ag caitheadh na gcloch amach 'san bhfairrge a bhí i ndáil leó. Caith siad na clocha go leír amach. Nuair gur tháinig siad ag cloch mór a bhí istigh in a lár. Chuireadar píosa beag as é ach is beag é. Nuair a chlis sé ortha ar fad chuaidh siad síos go Cinn Mhara gur thug siad na fear i gCinn Mhara a d'fhéadhfadh siad a fhághail le congnamh a thabhairt dóibh. Fuair sé pian in a dhruim nuair a chuir sé faoi an cloch le congnamh a thabhairt díobh. Chuaidh siad ar fad abhaile annsin agus tá an cloch annsin fós. Ní'l ann ach cairrig 'roundáilte'. Chuaidh sé ar a leabhadh agus chailleadh é mar chuaidh sé in aghaidh na sidheóga a bhí ann.(2) D'airigh mise mo mhuinntir rádh go raibh bean a bhí caillte in a chomhnuidhe ins an lios a bhí i bhfad caillte Bhíodh a mac ag dul go lios na Ghirrfhiadh ag cainnt leithe. Chuile rud a déarfeadh leas mháthair a bhuachaill - bhí leas mháthair air - d'innseochadh a mháthair dhó é. Chuaidh sé ann an lá seo agus an buachaill a bhí in éindigh leis ag obair. Níor labhair sé leis go ceann tamhaill mhaith. D'iarr an buachaill "an ag cainnt le do mháthair a bhí tú" agus dubhairt gurbh eadh. "Bheidh sí ag imtheacht go Cnoc Máighe thar éis tamaill agus dubhairt sí ar mhaith liom a dhul in éindigh leithe agus dubhairt mé gur mhaith." Calleadh é agus d'imthigh sé in éindigh le na mháthair.(3) Ins an aimsir fadó bhí fear in a chomhnuidhe ins an bparóiste seo darbh ainm 'John Crowley'. Bhíodh sé i gchomhnuidhe ag tairrint gainimh ó n-a talamh. An lá seo go moch roimh a trí a chlog bhuail sé an bhóthair é féin agus capall is cárr(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Riocáird de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe