Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0147
- XML “Arán sa gCeantar Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Arán sa gCeanntar seo.Arán cruithneachtan a bhí san áit seo chuile lá ariamh. Corr-theach bhíodh cáca min-choirce aca, ach ní raibh muileann min-choirce níos goire ná Creachmhaoil. Bhí bró ins gach teach an uair sin. Sul a mheilfeadh siad an chruithneacht chuirfeadh siad lá [!] an bhácúis di ar an teine le n-a cruadhachan. Bhíodh beirt ag meilt, duine ag casadh agus an duine eile ag leigint an ghráin síos san bpoll sa gcloich uachtarach. Ba bheag achar a thóigfeadh sé ádhbhar cáca a mheilt. - Dhéanfá cloch san uair gan stró ar bith.
Bocstaí :- Bhí arán bocstaí go fairrsing go dtí le blianta anuas. Le bocstaí a dhéanamh gheobhfá lán an bhácúis d'fhataí nighte, agus iad a scríobadh le 'scrapper'. B'é an rud sin ná píosa stáin láidir is é lán le puill bheaga. Scríobfá na fataí isteach í mála beag lín-éadach. Annsin chaithfeá an mála sin a cheangailt agus é a fháisgeadh go maith le nach mbeadh uisce ar bith fágtha ann. Cuir gráinne plúir tríd agus cuir dá bhácáil é. Beidh cáca blasta agat, má tá goile agat chuige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe