Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0097
- XML “Saol na nDaoine sa Cheantar seo Dhá Scór Bliain ó shin”
- XML “Iascaireacht Scadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dath go ceart. Thoígfeadh sí as an aillium é agus chuirfeadh sí síos arís dá bhruith é.
An babhta seo beadh mádár (log-wood) sa bpota. Thar éis lá dá bhruith bheadh sé daithte.
Caithfidhe nigheachaín thar meóin a thabhairt dó annsin.
Le Plúirín (indigo) a dhathuightí cuid de'n fhlainín. Réal an únsa a bhí ar an bplúirín. - Dheánfadh muid an domhan iasgaireachta ar scadáin. Thiar ar an m'Bank', trí mhíle siar ó Phoinnte an Chnuicín, taobh amuigh de Oileán Ide, a dheánfadh muid í. Trathnóna thiar a ghabhfadh muid amach ; ní bheadh aon ghnó líon a chur amach go mbeadh sé 'na oidhche dhubh. Bád iomraimh is mó a bhíodh againn agus cúigear nó seisear againn in éindigh.
Bhíodh báid trí crann ag muinntir Dhubhruis thíos ag iasgach. Is muid ag dul amach thuibhrfadh muid cúpla fód móna agus glac beag fataí linn, le bruith i bpoitín agus a ithe amuigh. Clochaí a bhíodh thíos in íochtar an líon, iad fad dhá fheadh ó chéile; na corcaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- T. Ó Domhnallaín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe