Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0138
  3. XML “Scéalta faoi na Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le cárr gainimh a thairringt is bhí sé deich míle uaidh. Chuaidh sé cúig mhile nuair a thuit an 'wheel' as an gchárr. Ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé. D'fheach sé timcheall air. Chonnaic sé fear ar a ghlúnaibh i 'ditch'. D'iarr sé air cabhair a thabhairt dhó. Dubhairt an fear leis "tá mé ag déanamh mo 'phenance' annso agus gac oidhche nuair a bhíonn tusa a rádh do phaidhreacha ní thugann tú aon cabhair dom agus ní tiúbhrfaidh mise aon cabhair duith anois". Dubhairt an fear cúpla paidhreacha dó annsin in a inntinn. Nuair a d'fhéach sé timcheall air. bhí an fear imtighthe agus an 'wheel' ins an cárr chomh maith is a bhí ariamh
    (4)
    Bhí cailleach ins an áit seo agus seo é an chaoi a bhfuair sí a 'power'
    Bhí sí in a cailín aimsire ins an áit seo. Bhí ránaidhe de somach ann nach raibh aon mhaith ann. Sideóg a bhí ann. Nuair a chuaidh siad ag an mbaile mór an lá seo bhí sé ag screadach is ag caonachán ar feadh an lae is bhí an cail[ín] leath 'crackáilte' aige. Nuair a bhí sé turseach ceart aige sheas sí suas is fuair sí maide agus dubhairt sí "'by cripes' mara n-éistighidh tú anois caithfidh mé amach ar an sráid thú". "'Well' stopfaidh mé anois" arsa sé "is ní bheidh mé ag screadach níos mó." Stop sé agus dubhairt sé leithe "téigh suas ar an mbord agus chuir do lámh faoi'n rata sin thuas agus tabhair an bhfeidlín [> bheidlin] sin dom is tiubhrfaidh mise ceól chuaidh sí suas agus fuair sí an bhfeidhlín agus shín sí anuas cuige é. Nuair a bhí sé tuirseach a' tabhairt ceól di an ceól ba bhréaghtha dár chualadh tú ariamh chuir sí suas ins an áit céadna é. Nuair a bhí an bhfeidhlín thuas aige dubhairt an 'lad' tiubhrfaidh mise slighe maireachái[l] duith is ní bheidh tú ag obair annso níos mó. Tóg anuas an buidéal atá ann tabhair an buidéal sin leath agus coinnigh é. Ní bheidh le déanamh agat ach féacaint tríd an buidéal agus innseóchadh sé chuile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Riocáird de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe