Scoil: Clochar na Trocaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr M. Bernadette
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0217](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0049%2FCBES_0049_0217.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0217
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na hainmhithe tighis a bhíonn ar an bhfeirm. An bhó, an capall, an gabhar, an mhuc, an t-asal, an caora. Seo iad na h-éanlaith tighis. An chearc, an coileach, an gé, an gandal, an lacha, an bardal, an tuirce. Bíonn an cat agus an mada ann freisin. Marbhuigheann an cat na mice agus na franncaigh. Tugann an mada aire don dtigh agus dona hainmhithe.
Tigh cuíseach mór is ea teach na mbó. Bíonn poll beag ins an bhfalla in áit fuinneog. Bíonn clais i lár an urláir chun é a choimead tirim. Bíonn máinsear i gcoirneal amháin as a itheann sí a cuid bidh. Tá báil in aon fhalla amháin den tigh agus ceangaltar na ba annsin le slabhra nó le rópaí. Ceangaltar na ba thart timcheall a muinéal. Nuair a bhíonn an bhó blighte cuirtear comhartha na croise ar a druim. Cuirtear na ba ins na stáblaibh ar oidhche Bealtaine ar eagla go ngoideach na sidheoga iad. Deirtear "hó" nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Irín Ní Sheachneasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máighread Ní Sheachneasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe