Scoil: Clochar na Trocaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr M. Bernadette
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amháin sa gCinn-Mhara. Bhí a h-athair in a ghreasuidhe roimhe agus a shean-athair.Fadó, ní fhuair na daoine péire bróg ach dhá uair sa mblian, agus nuair a fuaireadar na bróga níor chuireadar ortha ach gach Domnach agus nuair a bhí an lá fliuch. Fadó do chaitheadar coiscime ach ní chaitheann aon duine coiscime ach na feirmeóirí atá ag obair.Nuair nach raibh na daoine indan péire bróg nuadh do ceannach do rinneadar na bróga as croiceann na gcaorach. Tá sgéal an i dtaobh mná (?) a bhí tar éis péire bróg nuadh a ceannach. Bhí sí ag teacht abhaile agus bhí a cos gan bróg. Do bhris sí a cos agus dubhairt sí "Beannacht Dé (?) nach raibh mo bhróga nuadh orm."
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Fhallamhain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáitlín Ní Fharaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16