Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nósanna Oidhche Fhéile BrighdeChuile Oidhche Fhéile Brighde cuireann fear an tighe cros brobh nó adhmad suas ar an taobhán. Cuireann sé cros sa gcró freisin agus athchuingheann sé ar Naomh Bríghid an teach agus na daoine a thabhairt slán tríd an mbliadhain.
Bíonn gasúir ag imtheacht thart ó bhaile go baile agus crios nó brighdeóg aca. Bíonn sean-fhear ar bhaile a bhíos i ndon criosanna agus brighdeóga a dhéanamh go maith. Tugann na gasúir punann tuighe chuige sin agus déanann sé crios dóibh.
Figheann sé an tuighe ina dhá shúgán ar dtús. Annsin figheann sé an dá shúgán sin suas ar a chéile. Fágann sé ceithre chros orra gan ceachtar de na súgáin a bhriseadh. Bíonn an chrios fairsing go maith sa gcaoi gur féidir le chuile dhuine a dhul(leanann ar an chéad leathanach eile)