Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- GaibhneachtFadó nuair nach mbíodh aon ghual ann is gualach a bhíodh ag na gaibhne le h-aghaidh teine. Sé an sort rud é gualach ná móin dóighte. Déantar é le poll a dhéanamh sa talamh agus annsin teine mhór mhóna a dhéanamh (sa talamh) i n-aice an phuill sin agus annsin nuair a bhíos an teine sin lasta go maith caithtear síos sa bpoll í agus caithtear puiteach ós a cionn. Annsin faoi cheann tamaill nuair a bhíos an teine múchta sa bpoll tógtar aníos í agus bíonn sí 'na gualach annsin agus tá sé níos feárr ná móin le h-aghaidh teine.
Seo cuid de na rudaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chathair, Co. na Gaillimhe