Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) An rud a bheirtear sa gcnáim is deacair leis sgarad leis an bhfuil.
2) Is fearr an mhaith athá ná an maith a bhí.3) Fághann foighid fórtúin.4) Is fearr ag díol an lá ná dhá cheannacht.
5) Ní thagann as long ar bhith acht an lucht a bhíos innte.
6) Is mairg a bhíos go h-olc is a bhíos go bocht na dhiaidh.
7) Ní leis na corrain mhaithe a baintear an foghmhar uluig.
8) Is fearr fuigheall brocháin ná fuigheall magaidh.
9) Ná caith amach an t-uisge salach nó go mbeidh an t-uisge glan istigh.
10) Seachain an droc dhuine is ní baoghal dhuit an duine macánta.
11) Is minic a bhí an t-ádh ar an bfear a chodail a sháith.
12) Ní airigheann sáthach an seang.
13) Is fearr beagán de'n gaol ná mórán de'n charthannacht.
14) Is fearr dúil lé muir ná dúil lé cill.
15) An té nach bhfuil láidir ní fuláir dhó a bheith glic.16) As a cloigeanna bhlightear an bhó.17) Briseann an duthchas tré shúilibh an chaith.(leanann ar an chéad leathanach eile)