Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Leathanach 0011
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Grinn (ar lean)
“Chuaidh fear go Gaillimh fado agus chuaidh sé isteach i siopa agus d'iarr an siopadóir do an gceannochadh sé aon úaireadóir.”
(ar lean ón leathanach roimhe)diafrughadh sé arist dhó é fá cheann tamall eile acht ní bhfuair sé aon fhreagra agus dubhairt sé, "Mara n-innseocadh tú anois dhom é buailfid mé faoí'n gchlaidhe tú." D'iarr sé an tríomhad uair é acht ní bhfuair sé aon fhreagra agus bhuail sé faoí'n gchlaidhe é agus bris sé é; thosuigh na róithiní ag dul thar timcheall istigh ann agus dubhairt sé, Nach mé an diabhal! ba gearr go mbheadh uaireadóirí óga aiche.Scéal Grinn
“Bhí sean bhean bhocht ann fado agus bhí aon mhac amháin aice. Lá aonaigh bhí ann agus dubhairt sí léna mac a dul ar an aonach leis an mbó.”
Bhí sean bhean bhocht ann fado agus bhí aon mhach amháin aice. Lá aonaigh bhí ann agus dubhairt sí lé na mac a dhul ar an aonach leis an mbhó, agus an pinghinn abh aoirde ar an aonach a fhághail uirtí. Dimthigh an mach leis agus ní raibh sé i bfhad nuair a casadh fear dhó agus d'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cé méidh a bhí sé ag iarraidh ar an mbhuin. Dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh an phinghinn abh aoirde ar an aonach uirtí. Bhí go maith ní dhearna an fear acht pinghinn a tharrainght as a phoca agus chuir sé suas ar bhárr a mhaide í.
Seo í an phighinn is aoirde ar an aonach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Concannáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe