Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl sgéul ar bith againn faoi aon nidh a thárla thart annseo an t am sin mar is dóigh nach raibh daoine na gcomhnuidhe thart ann an t ám sin. Níl páirc carraig na sgailp baistighthe ón aimsir sin. Mealladh daoine isteach san teampall gállda ag an gcaisleán - acht sin idir 60 agus 90 blian ó choin.
An geirleanamhaint a d'imir na Blácaigh ar na daoine níor bhain se le creideamh acht as sainnt agus chun máighistreacht a thaisbaint a d'imir siad é agus níor sheas aoinne amach go fearamhail 'na n aghaidh.
Bhíodh na daoine dul ag an Teach Phobail shiar in Indreabhán le cuimhne an duine is sine agus annsin ar an Tullaigh.
Bhí teach phobail á tógbháil sna Mionna timceall 80 blian ó choin acht théis na ballaí bheith 5 troigh ar aoirde d'eirigheadar as mar bhí sé i gceist go mbeadh athrú fairce ar cuid de na bailte - acht b'shin gno priomhaideich na hEaglaise; níor thárla an t athru(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Cúaláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Béal an Átha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe