Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na h ainmhidhthe atá ar fághail fiadhain tart annseo - an coinín agus an girrfhiadh. Shuas ar an sliabh is mo a bhíonn siad acht tagann coinín anois agus arist anuas cois fhairrge acht ní fada a mhaireann siad ann mar tá madraí go leor thart.
Níl tuairisg ag aoinne faoi broc a bheith thart ann ariamh. Thagadh madaruadh "ar cuairt" anuas ón sliabh mórán blianta ó choin acht is fada ó chuir aon cheann aca isteach ar an áit anois. Ní chuireann an cor choinín tada as do na feilméaraí annseo agus is annamh anois a theigheann na buachaillí ag fiadhach mar theighidis fadó mar ní fiú dhóibh.
Úasáidtear teanga an t sionnaigh chun leighis agus teigheann daoine i bfad ó bhaile ar lorg ceann.- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cartúr Leathan, Co. na Gaillimhe