Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Bóthar an Ríogh dul siar tré lár na háite agus deirtear go rinneadh é timceall 80 blian ó choin, bhí sagas casan achrannach ann roimhe sin agus muinntir an bhaile is mo a dheanfadh úasáid dhó. Da mbeadh duine dul go Gaillimh is soir le cladach a bheadh air dul dá mbeadh capall no bó aige acht má s ag siubhal leis fhéin a bheadh sé d'feadfadh sé dul soir an casan seó
An Bóthar Nuadh
I bfad théis Bóthar an ríogh bheith deanta seadh rinneadh an bóthar atá ag dul suas ar an sliabh in aice na sgoile; ní raibh casán fhéin ann roimhe sin agus sin é an fáth ar tugadh an bóthar nuadh air. Bhíodh caoi dul air anois agus arist nuair a bhíodh oibreacha ar bun.
Bóthar an Chladaigh - Sin an bóthar a theigheanns ón bóthar nua go cladach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maitiú Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Átha, Co. na Gaillimhe