Scoil: Leitre (uimhir rolla 16164)

Suíomh:
Liataire, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Reachtaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitre
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chualaidh siad béic. Buachaill a bhí tar éis tuitim isteach ins an loch in áit nach raibh an leac-oidhre ro-láidir. Do chuir sé aon bhéic amháin agus chuaidh sé síos go grinneall an loch. Ach chualaidh an máighistir an bhéic agus is maith a thuig sé cad ba bhun leis. Rith sé go dtí an loch chomh tapaidh a bhí sé in ann. Léim sé isteach go dtí an áit a raibh an buachaill. Rug sé greim air agus thug sé go barr an uisge é. Bhí sé beagnach marbh ar fad mar bhí an uisge fuar. Thug sé an buachaill go dtí an sgoil agus d'fhág sé in a luighe cois an teine é. Nuair a tháinig sé chuige féin i gceart chuir an máighistir abhaile é agus dubhairt sé leis dul isteach ins an leabaidh agus fanacht ann go dtí an tráthnóna. Rinne an buachaill an rud sin. Trí lá in aghaidh sin bhí sé ar sgoil arís, ach ní dheachaigh sé ag sleamhnú an lá sin ná aon lá eile ins an geimhreadh sin. Bhí faitchíos air go thuiteadh sé isteach ins an loch arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Ó Reachtaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Cat, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brian Ó Reachtaire
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Cat, Co. na Gaillimhe