Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seáinín leis féin go gcuirfeadh sé deire leis an bhfathach no go dtuitfeadh sé féin san gcath.
Oidhche amháin agus é ag filleadh abhaile cheap sé gur cóir go dtosóchad sé ar an bhfathach do mharbhú. Tímceall an mheadhon oidhche do bhí ann agus chuaidh sé anonn i dtreo na h-áite 'na raibh Smig Smutarnach ina chómhnuidhe ann. Bhí abha bheag idir eisin agus an phluais áit a raibh Smig ina chómhnuidhe ann agus bhí Seánín ar inntinn go mba mhaith an rud dubhslán a thabhairt don bhfathach ag béal na pluaise.
Nuair a tháinig sé suas go dtí an abhainn shíl sé leimt treasna acht ar an gcéad iarracht thosuigh an abha ag leathnú agus béigin do stop. Rinne sé iarracht eile agus tharla an rud céadna. Ar an tríomhadh iarracht shleamhnuigh sé agus bhain(leanann ar an chéad leathanach eile)