Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Oirthir (Inisheer)
- XML Leathanach 352
- XML “Bolgaidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici agus bhíodar an-bhocht. Bhí an mac cho ramhar sin go raibh a cháil ar fud an domhain. Bhí triúr chailleach ins an Domhan Thoir agus tháinig duine acu ag iarradh Bolgaidín le béilidh mór a dheanamh dhe. Bhí fhios ag an Mhathair go raibh sí lé theacht agus bhí an mac istigh sa gcófra aici. Tháinig sí agus shuidh sí síos agus bhí mála in a druim aici agus bhí sí ag cómhradh leis an mbean ar nós duine ar bith. Igceann tamaill labhair an chailleac anonn le Bolgaidín. 'Gabh anall annseo. Tá aráin agus im agus gach rud annseo i mo mhála'. Ghlaodh sí trí uaire air agus níor tháinig sé. Tháinig sé anall annsin agus chrom sé síos a chloigeann ins an mála leis na rudai deasa a fhághail. Deirigh sí agus bhrúgh sí sios ann é agus dimthigh sí leis amach an doras. Bhíodar ag imtheacht go dtáinig siad cho fada lé cránn ubhlaí agus labhair Bolgaidín amach léithí. 'Ní dheacha mo Mháthairín fhéin thar an gcránn seo ariamh gan ubhall a thabhairt dhom'. 'Bheul', adeir an chailleach beidh sé sin lé rádh agat liomsa ag fágáil síos an mála agus ag dul suas ins an mála agus ag dul suas ins an gcránn ag fághailt úbhall. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe