Scoil: Inis Oirthir (Inisheer) (uimhir rolla 13322)
- Suíomh:
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Giolláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí in Éirinn fadó agus is fadó bhí. Bhí inghnean ag an rí agus ba í an bhean ba bhreaghtha a bhí in Éirinn í. Ní raibh aon fhear in Éirinn nach raibh ag iarraidh an inghnean a phósadh agus 'sé an dlighe a dhean an rí le fear d'fhaghail dí. Dubhairt sé go dtabhairfeadh sé an inghnean do'n fhear a bfhearr a dinnseóeadh sgéal dhó. Sa gcaoí go mbeadh an sgéal chomh iongantach agus go ndéarfhadh an Rí, "Thug tú eitheach leis: Sin é an fear a ghabhfadh an ingnean uaidh agus mar a ndéarfadh an Rí "Thug tú eitheach." leis an bhfear. Bheadhan dá chluais le gearradh dhe. Bhí go leór go mhuinntir na h-Éireann fado agus bhí na cluasa gearrtha diobh ag an Rí ins an ám sin. Bhí fear bocht ánn agus dubhairt sé go rachfadh sé ag inghnean an Rí. Chuaidh sé ag an rí agus thosuigh sé ar sgéal dhó. Dubhairt sé "Bhí m'athair agus mise lá ag cur arbhuir. Bhí Éire mhór agus Éire beag lé 'cur againn agus tháinig muid geárr i gcloch arbhuir. Ní raibh aon soitheach san ám sin ag dul ó Éire go Sasana agus ní raibh fhios againn cé'n chaoi a bhfuigheadh muid an tarbhúr. Bhí sean-chapall ag m'athair agus chuaidh mé ag marchuigheacht air agus bhuail mé é. Thug sé léim as Éirinn go ndheach sé go Sasana agus cheannuigh mé an t-arbhúr agus d'eirigh sé go léim arist go ndheaca sé go h-Éire bheag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Congaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Oírr, Co. na Gaillimhe